Clannad - Bunan BuiLyrics

Highlight a quote that may not be obvious and you would like to explain it or ask for an explanation.Click the highlighted quote to explain it or the highlighted to see other explanations.
A bhonnáin bhuí 's é mo léan do luí 'S do chnámha sínte tar éis do ghrinn 'S ní easpa bidh, ach díobháil dí A d'fhág 'do luí thú ar chúl do chinn Is measa liom féin ná scrios na Traí Tú a bheith 'do luí ar leaca lom' Is nach ndearn' tú díth ná dola sa tír 'S nárbh fhearr leat fíon ná uisce poll Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoin An chuach, an traonach ná'n chorr bhreac Ach mo bhonnán buí, a bhí lán den chroí 'S gur chosúil liom féin é i nós 's i ndath Bhíodh sé 'síoraí 'g ól na dí Is deirtear go mbímse mar sin seal Níl aon bhraon dá bhfaighinn nach ligfinn síos Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart 'S é 'd'iarr mo stór orm ligean den ól Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr Ach dúirt mé léi gur thug sí an bhréag Is gurbh fhaidide mo shaolsa an deoch úd 'fháil Mar an bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh A chuaigh in éag den tart ar ball? 'S, a chomharsana cléibhe, fliuchaigí bhur mbéal Mar ní bhfaighidh sibh aon bhraon i ndiaidh bhur mbáis
Listen
What do you think about this song?
No Comments. Be the first!

Choose a playlist cover.

    Clannad - Bunan Bui listen